2014-12-16

Atlas Teangeolaíochta don 21ú haois

rf/gl ("rófhada/gan léamh"): Ba mhaith liom atlas teangeolaíochta nua-aimseartha a chruthú don Ghaeilge. Má scríobhann tú i nGaeilge ar líne, seol chugam (kscanne ag gmail ponc com) ainm do bhaile dúchais, nó an áit a bhfuair tú do chuid Gaeilge.  

Wagner 1.0 

Is maith liom léarscáileanna (féach anseoanseo) agus is maith liom an Ghaeilge.  Dá bhrí sin is é "Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects" (LASID) le Heinrich Wagner, atlas teangeolaíochta don Ghaeilge a foilsíodh i gceithre imleabhar idir 1958 agus 1969, ceann de na leabhair is ansa liom.  Bhí sé bunaithe ar shaothar teangeolaíochta a rinne Wagner agus a chomhghleacaithe le cainteoirí dúchais Gaeilge idir 1949 agus 1956. Tá cóip agam anseo sa bhaile, agus is iomaí oíche bhreá chiúin a chaith mé leis thar na blianta.
 
Anois ba mhaith liom atlas teangeolaíochta nua a chruthú, ceann a thaispeánfaidh an teanga sa lá atá inniu, go háirithe an teanga mar a úsáidtear ar an Idirlíon agus sna meáin shóisialta í.  Dhírigh Wagner et al a n-aird ar chainteoirí dúchais amháin ("... people whose first language had been Irish only, or both Irish and English") agus den chuid is mó ar dhaoine a bhí ina gcónaí sa cheantar céanna i rith a saoil. Ach tá aidhm dhifriúil agamsa, is é sin an teanga mar atá sí á labhairt ag pobal ilchineálach soghluaiste domhanda a léiriú.  Mar sin, b'fhearr liom Éireannaigh a d'fhoghlaim an teanga sa scoil agus fiú foghlaimeoirí thar lear a chur san áireamh ar aon chéim le cainteoirí dúchais.  Is é "Wagner 2.0" an teideal oibre atá agam ar an togra seo, agus mar sin cuirfidh mé "Wagner 1.0" ar LASID sa díospóireacht thíos.

Wagner 1.5

Tá dul chun cinn déanta agam air seo cheana, ag baint úsáide as roinnt sonraí atá ar fáil saor in aisce ar an Idirlíon.

Ar dtús, ba mhaith liom comparáid a dhéanamh idir na léarscáileanna atá in Wagner 1.0 leis na cinn a bheidh bunaithe ar shonraí ón Idirlíon.  Dá bhrí sin, rinne mé iarracht domhanleithead agus domhanfhad a aimsiú do na 91 áit atá luaite in Wagner 1.0 (gheobhaidh tú na sonraí sin anseo fáilte roimh cheartúcháin) sa chaoi go mbeinn in ann chuile rud a chur ar taispeáint le chéile ar Google Maps.

Tá foireann Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann go díreach tar éis go leor seantéacsanna a fhoilsiú ar an suíomh atá acu níos mó ná 10 milliún focal.  Tagann na téacsanna seo le roinnt meiteashonraí, mar shampla ainm an údair, dáta foilsithe, teideal, aicme (prós nó filíocht), srl.  Bhain mé úsáid as na meiteashonraí sin chun cuardach a dhéanamh ar gach údar sa chorpas ar an suíomh iontach ainm.ie, agus nuair a d'éirigh liom an duine ceart a aimsiú, bhí mé in ann nasc a leanúint ó ainm.ie go dtí a chomhshuíomh logainm.ie, ar a bhfuil sonraí faoi áit bhreithe an duine, domhanleithead agus domhanfhad san áireamh.  Phew.

Anois, leis na sonraí seo go léir, is féidir na léarscáileanna as Wagner 1.0 a leathnú agus a shaibhriú go mór.  Mar shampla, bhí suim agam in úsáid na bhfocal "feiscint" agus "feiceáil(t)" sna canúintí (lch. 125 in Wagner 1.0).  Rinne mé cuardach ar an dá fhocal sa chorpas (na céadta sampla le fáil ann), agus bhí mé in ann iad a cheangal leis na húdair a bhí á n-úsáid, agus ansin áit bhreithe na n-údar a mharcáil ar léarscáil Google Maps.  Sin é go díreach an rud atá déanta agam anseo:


 

Má chliceálann tú an bosca beag ag barr na léarscáile ar an taobh clé, feicfidh tú dhá "shraith" sa léarscáil; ceann amháin leis na sonraí as Wagner 1.0 agus ceann eile leis na sonraí leathnaithe as corpas an Acadaimh, sa chaoi gur furasta comparáid a dhéanamh eatarthu.  Ní gá ach an tic in aice le sraith a bhaint chun an tsraith sin a chur i bhfolach.

Agus seo iad na torthaí nuair a rinne mé an próiseas céanna le "práta/fata/préata":




Níl an cur chuige seo gan locht ar ndóigh.  Seans go bhfuilim ag lorg cáinte trí "Wagner 2.0" a chur ar an tionscadal seo, nó trí na sonraí ón mbunstaidéar a chur ar an léarscáil chéanna!  Ach tuigim go maith nach ionann cur chuige chomh simplí seo (na milliún focal a bhailiú ó chorpas nó ón Idirlíon) agus an saothar cúramach teangeolaíochta a rinne Wagner sna 1950idí.   Mar léiriú amháin ar na fadhbanna seo, thug mé faoi deara go raibh an focal "fata" in úsáid ag údar éigin as Rann na Feirste ar an léarscáil thuas.  Nuair a d'fhiosraigh mé an scéal, is éard a bhí ann ná sliocht leis an údar Connachtach Pádraic Ó Conaire as an leabhar "Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile", leabhar de chuid an údair Chonallaigh Seosamh Mac Grianna.  Nó, feicfidh tú an focal "feiscint" sa Tuaisceart ar an teorainn in aice leis an Srath Bán i gContae Thír Eoghain.  Tháinig an sampla seo ó "An Béal Bocht" le Myles na gCopaleen is dócha gur sórt aithrise ar an mblas Muimhneach a bhí ann, ar son an ghrinn.  Agus ar ndóigh bhí Wagner ag lorg an fhocail a d'úsáideadh i gcomhthéacsanna ar leith, rud nach féidir liom a dhéanamh trí chuardach simplí a dhéanamh i gcorpas gan marcáil shéimeantach.

Is léir go mbeadh sé an-deacair an cineál seo truaillithe a sheachaint, ach is cuma liom i ndáiríre.   Baintear úsáid as focail chanúna ar fháthanna éagsúla, uaireanta ar son grinn nó magadh a dhéanamh, uaireanta, b'fhéidir, chun cumarsáid a éascú nó fáilte a chur roimh dhuine ina chanúint féin. Creidimse go mbaineann castacht den chineál sin le húsáid teangacha i gcónaí, agus gur gá dul i ngleic leis an gcastacht seo seachas neamhaird a dhéanamh di.  Agus is dócha go bhfuil úsáid na Gaeilge ar an Idirlíon níos casta fós!  Cé go dtaitníonn an t-ainm "Wagner 2.0" go mór liom, mar ómós do cheann de na leabhair is ansa liom, is é ainmhí go hiomlán difriúil atá á chruthú anseo!

 

Wagner 2.0

Mar is gnáth, níl aon deontas agam don togra seo, ná go leor ama le caitheamh air, agus mar sin braithfidh mé oraibh, pobal na Gaeilge ar líne, chun teacht i gcúnamh orm.  Más mian leat páirt a ghlacadh, seol ríomhphost chugam (kscanne ag gmail ponc com), agus tabhair ainm do bhaile dúchais dom, nó an áit a bhfuair tú do chuid Gaeilge.  Má tá blag nó cuntas Twitter agat, bheinn buíoch díot as nasc leis an mblag agus/nó ainm do chuntais Twitter.  Déanfaidh mise gach rud eile!  Ní úsáidfidh mé d'ainm nó sonraí pearsanta ar chor ar bith – nílim ag iarraidh ach rud amháin a dhéanamh: focail Ghaeilge a cheangal le pointí ar léarscáil.

Buíochas

Tá mé an-bhuíoch de Mhícheál Johnny Ó Meachair as go leor leor comhráite ar an ábhar seo agus as a chuid moltaí stuama, agus de Michael Bauer as na léarscáileanna ar a shuíomh álainn faclair.info a spreag mé chun tabhairt faoin togra craiceáilte seo!

Aguisín

Tuilleadh léarscáileanna - Nollaig shona daoibh!